Cáipéis oibre atá sa leabhrán seo chun cuidiú le heagraíochtaí díriú ar phróiseas na pleanála teanga agus plean Gaeilge a chur in oiriúint dóibh féin.
Cheap Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Eachléim Teo. comhordaitheoir teanga i mí Feabhra 2014 mar chuid de na hiarrachtaí pleanála teanga Gaeilge atá ar siúl go leanúnach ag an gComharchumann. Ba é an príomhchúram a bhí ar an gcomhordaitheoir ná scéim phíolótach Ghaeilge a chur i bhfeidhm le gnólachtaí agus eagraíochtaí áitiúla i bParóiste na Cille Móire agus i bParóiste Bhéal an Mhuirthead, ag baint úsáide as an lámhleabhar An Ghaeilge: Cen Fáth? (Ní Dhúda, 2013). Tugtar eolas sa tuarascáil seo maidir le gníomhaíochtaí a tugadh fúthu le linn thréimhse an cheapacháin chomh maith le nithe a tugadh faoi deara agus moltaí atá déanta ag an gcomhordaitheoir.
In February 2014, Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile appointed a Language Co-ordinator as part of the ongoing language planning efforts being undertaken by the organisation. The main brief of the co-ordinator was to implement an Irish language pilot scheme with local businesses and organisations in the parishes of Kilmore and Belmullet using the handbook An Ghaeilge: Cen fáth? (Ní Dhúda 2013). This report contains information on activities carried out throughout the duration of the scheme as well as observations and recommendations made by the co-ordinator.