Coláiste UISCE – Scoláireachtaí do Dhéagóirí na Gaeltachta

Tá maoiniú faighte ag Coláiste UISCE ó Roinn na Gaeltachta chun cúrsa ceannaireachta úrnua a reáchtáil atá go hiomlán dírithe ar dhéagóirí na Gaeltachta agus déagóirí le sárlíofacht sa Ghaeilge.

Tá an cúrsa ceannaireachta seo ar siúl i gColáiste UISCE an samhradh seo, ón 31 Iúil go 14 Lúnasa 2013.

Is deis í seo do dhéagóirí na Gaeltachta scileanna i ngníomhaíochtaí eachtraíochta agus uisce a fhoghlaim ina dteanga dúchais. Chomh maith leis sin, beidh scoláirí an chúrsa ag glacadh páirt i gceardlanna atá dírithe ar scileanna ceannaireachta, forbairt phearsanta, scileanna cinnireachta teanga, maraon le scannánaíocht agus teicneolaíocht trí Ghaeilge.

A bhuíochas le maoiniú ó Roinn na Gaeltachta, tá páirt-scoláireachtaí maithe (idir 33% agus 50%) ar fáil do dhaoine ar spéis leo freastal ar an gcúrsa iontach seo.

Cúrsa Ceannaireachta L1 pdf

Má tá aithne agat ar aon duine atá feiliúnach don chúrsa seo nó aon duine a bhfuil spéis acu i scoláireacht don chúrsa, bheinn buíoch díot dá ndéarfá leo teagmháil a dhéanamh le Antaine ag antaine@uisce.ie

http://uisce.ie/

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

13,852 Spam Comments Blocked so far by Spam Free Wordpress

You may use these HTML tags and attributes: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <b> <blockquote cite=""> <cite> <code> <del datetime=""> <em> <i> <q cite=""> <strike> <strong>