Scoláireachtaí Printíseachta / Training Apprenticeships

Tá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint Scoláireachtaí Printíseachta gur fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad d’iarrthóirí le cáilíocht mar cheardaí a bhaint amach.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith sé bliana déag d’aois ar a laghad agus na buncháilíochtaí seo a leanas a bheith acu:

Teastas Grúpa/Meánteastas/Teastas Sóisearach, le pas i gcúig ábhar nó a
chomhionann. (Tá matamaitic riachtanach i gcás printíseachtaí áirithe),

réamhchúrsa printíseachta atá aitheanta ag FÁS,

os cionn 25 bliain d’aois agus taithí aitheanta acu sa cheird le trí bliana.

Is d’iarrthóirí Gaeltachta le Gaeilge líofa na scoláireachtaí seo.

Tuilleadh eolais agus foirm iarratais ar fáil ó www.udaras.ie/printiseachtai nó glaoigh ar 091 503139 / 091 503121.

Ní mór foirm iarratais comhlánaithe a bheith ar ais roimh 08 Feabhra 2013

Comments are closed.