Fógra Poist 1: Comhairleoir Pleanála Teanga

  Comhairleoir Pleanála Teanga á lorg ag Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile chun dul i mbun cúraimí pleanála teanga i gceantar Iorrais. Is conradh 8 mí páirtaimseartha a bheidh i gceist ag tosú i 1 Lúnasa 2014.

An Post

  • Iarratas a chur i dtoll a chéile ina sonraítear an chaoi a thuillfidh CFID an t-aitheantas le bheith mar cheanneagraíocht  do Limistéar Pleanála Teanga Iorrais 
  • An t-iarratas agus an páipéarachas don Limistéar Pleanála Teanga a ullmhú agus a chur faoi bhráid Údarás na Gaeltachta
  •  Oibriú i gcomhar le Comhordaitheoir Teanga le cinntiú go mbainfear amach na spriocanna atá leagtha amach san iarratas thuasluaite
  •  Tabhairt faoin taighde cuí maidir le stádas reatha na teanga i gceantar Iorrais
  • Déanamh cinnte go bhfuil na páirtithe leasmhara e.g. comhlachtaí agus grúpaí áitiúla curtha san áireamh sa phlean teanga agus sa taighde
  • Déanamh cinnte go bhfuil an taighde ar fad curtha i gcrích chun gur féidir tabhairt faoi phlean teanga do Limistéar Pleanála Teanga Iorrais

Cáilíochtaí:  

  • Duine le cáilíocht tríú leibhéal (leibhéal 9) sa Phleanáil Teanga mar aon le taithí phraiticiúil agus saineolas ábhartha sa réimse
  • Ardchaighdeán Gaeilge idir scríobh is labhairt
  • Taithí phraiticiúil ag scríobh pleananna teanga agus ag tabhairt faoi thaighde sa réimse sin
  • Ní mór go mbeadh scileanna riaracháin, cumarsáide, idirphearsanta agus ríomhaireachta ag an té a cheapfar.
  •   Ní foláir go mbeadh ar chumas an té a cheapfar dualgais an phoist a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge.

Seoltar iarratais mar aon le CV roimh 18 Iúil chuig an seoladh thíos.

An Bainisteoir Forbartha, Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile,
Eachléim, An Fód Dubh, Co. Mhaigh Eo.
 Teil: 097 85727 R.phost: eolas@ionaddeirbhile.ie

Comments are closed.