Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile
Tá Co-Ordaitheoir Teanga á lorg ag Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile chun dul i mbun cúraimí pleanáil teanga i gceantar feidhme an chomharchumainn. Is conradh 9 mhí páirtaimseartha a bheidh i gceist ag tosú i mí Feabhra 2014. Beidh an té a cheapfar ag feidhmiú i gceantar na hEachléime.
An Post:
- Beidh réimse na pleanála teanga agus feidhmiú Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge lárnach;
- Déileáil le heagraíochtaí áitiúla chun a bplean teanga féin a fheidhmiú;
- Siollabais a scríobh a cabhraíonn le na heagraíochtaí áitiúla níos mó Gaeilge a úsáid;
- Reáchtálfar ranganna Gaeilge & ciorcal comhrá go seachtainiúil;
- Aiseolas agus smaointe a cabhróidh leis an gcomharchumann an scéim píolóta a fhorbairt agus a chur chun cinn.
Cáilíochtaí:
Duine le taithí phraiticiúil agus cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge nó sa mhúinteoireacht acu.
- Ba cheart cáilíocht sa Ghaeilge a bheith ag iarrthóirí agus/nó Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) Leibhéal C1.
- Taithí phraiticiúil ag múineadh daoine fásta.
- Ní mór go mbeadh scileanna riaracháin, cumarsáid, idirphearsanta agus ríomhaireachta ag an té a cheapfar.
- Ní foláir go mbeadh ar chumas an té a cheapfar dualgais an phoist a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge, scríofa agus labhartha.
Seoltar iarratais mar aon le CV roimh 27 Nollaig 2013 chuig an seoladh thíos.
An Bainisteoir Forbartha
Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile,
Eachléim, An Fód Dubh, Co. Mhaigh Eo.
Teil: 097 85727 Facs: 097 85727 R – phost: eolas@ionaddeirbhile.ie